Pádraig
- Cé nach raibh páirt ag Pádraig ach ag tús agus ag deireadh an dráma bhí Pádraig mar údar gach oilc i saol Mháire. Tháinig corr i gcinniúnt Máire an oíche úd a bhuail sí leis ag an rince i dteach na scoile
- Múinteoir bunscoile a bhí ann agus mar sin bhí stadás air sa chomharsnacht. Bhí sé le feiceáil maidin Dé Domhnaigh ar Aifreann ag an sean-armóin agus é den thuairim go raibh sé "ina theagascóir gan ónóir i gcaitheamh na seachtaine, ina shéiplíneach gan ord ar maidin"
- Chuaigh sé i muinín Mháire ón tús. Thuig sé gur cailín soineanta a bhí inti. Thug sé moladh di. Spreag sé trua inti dó
- Cleasaí agus scéiméir leithleach a bhí ann. Thuig sé go bhféadfadh sé leas a bhaint as Máire dá mhaiteas féin. Mheall sé Máire lena chuid cainte fileata fúithi
- Fear mídhílis ainmhianach a bhí ann. Chuagh sé i gcion uirthi ón tús. Spreag sé trua inti dó agus é á rá "Mura mbeadh tusa ní fhéadfainn é a sheasamh
- Bhí sé glic go leor frieisin. Chuir sé iachall ar Mháire gan faic a rá le héinne faoi nó faoin gcaidreamh eatarthu. Rinne sé pósadh bhréagach le Máire chun a coinsias a mhaoladh. Chosain sé é féin freisin le seo agus mhéadaigh sé an rúndacht eatarthu
- Sliomadóir slim sleamhain a bhí ann i ndáirire. Bhí sé mídhílis don chéad bhean agus leithscéal aige faoi. Nuair a fuair sé amach go raibh Máire ag iompar clainne thréig sé í. Fear mímhacánta neamhscrupallach é gan dabht. Nuair a fuair a bhean chéile bás bhí sé mídhiís arís dá bhean nua agus é i dteach an "mhíchlú" agus é ar a laethanta saoire sa chathair
- Fear mífhreagrach, mídhaonna leithleach a bhí ann mar chosain sé é féin nuair a d'éirigh Máire torrach
- Bhí sé drúisiúil mídhílis mídhaonna nuair a bhuail sé le Máire i dteach an mhíchlú i. Cheap Máire bocht go raibh sé tagtha sa tóir uirthi chun an brionglóid a bhí aici a fíoradh. D'oscail Máire léarscáil a saoil son fhear seo a bhí ina athair sá hiníon
- Shéan sé a chuid dualgasaí nuair a mhaslaigh sé Máire agus nuair a ghlaoigh sé "striapach" uirthi. Ba chuma leis faoi Mháire nó faoina iníon féin rud a bhí mídhaonna maslach
- Chéasaigh sé Máire bhocht ón tús. Buile tubaisteach crualach é do Mháire nuair a shéan sé a iníon féin. Chaill Máire muinín sa chine daonna, sa tsochá agus sna fir dá bharr. Rinne Pádraig óinseach de Mháire.
- Drochdhuine amach is amach a bhí ann. Tháínig forbairt diúltach dá charachtar de réir mar a chuaigh an dráma ar aghaidh
- Thiomáin sé Máire chun dúnmháraithe agus chun lámh a chur ina bás féin. Scrios sé saol agus domhain Mháire agus saol a n-iníne chomh maigh
- Ag deireadh an dráma bhí Pádraig le feiceáil ina sheasamh ar bhruach na huaighe agus dímheas ionainn dó