Máire
- Ba í Máire príomh-charachtar an dráma seo
- Cailín ciúin soineanta a bhí inti. Bhí saol coiméadach aici. Bhí a máthair sean-aimseartha agus coiméadach agus níor thug sí cead di dul go di rincí. Rinne a máthair gach iarracht í a cosaint ón saol mar bhí isteach sna mná rialta
- Cailín béasach umhal a bhí inti. Bhí meas aici ar a máthair agus rinne sí gach rud dá máthair. Thuig sí na deacrachtaí agus an saol deacair a bhí ag a máthair nuair a bhí sí óg
- Bhí sí saonta agus cúthail rud a bhí le feiceáil agus í ag damhsa sa teach scoile. Ní raibh mórán taithí aici ar na rincí cé go raibh an scoil fágtha aici
- Cailín goilliúnach soineanta a bhí inti rud a bhí le feiceáil nuair a bhuail sí le Pádraig. Tháinig cor i gcinniúint Mháire nuair a bhuail sí le Pádraig an oíche sin. D'aithin sé ab soineantacht a bhí inti agus mheall agus lub sé í go heasca dá mhaitheas féin. D'aithin sé an fiantas agus agus eagla a bhí ina súile mar gheall ar an saol coiméadach a bhí aici
- Chreid sí gach rud a dúirt Pádraig mar chuaigh sé i muinín uirthi go heasca. Spreag sé trua inti dó. Chreid sí gur rud beannaithe a bhí acu mar gheall ar na breaga a d'inis Pádraig di. "Murach tú a bheith liom ní fhéadfainn an saol a sheasamh"
- Bhí sí an-dílís do Phádraig. Níor scar sí lena ainm nó a sloinne, fiú agus í ag an bhfaoistin. Níor ghlac sí leis an apsalóid, rud a bhí an-tromch uiseach do chailín mar í. Níor ghlac sí le Comaoineach Naofa ach oiread
- Bhí sí goilliúnach mar chreid sí gach rud a dúirt Pádraig di, fiú agus é ag déanamh pósadh bréagach leí "leis an bhfáinne seo déanaim tú a phósadh... Anois táimid pósta"
- Cailín míádhmhar, míamhárach a bhí inti ina dhiadh sin sa drama. Thréig Pádraig í nuair a fuair sé amach go raibh sí ag iompar clainne. Thréig a máthair agus a clann í freisin. Bhí siad níos buartha faoi "thuairim na gcomharsan" ná mar a bhí siad ar léas na mná
- Bhí sí cróga agus láidir nuair a thairg a máthair deoch mheisciúla uirthi. Shéan sí and deoch a ól. Thóg sí an ród roimpi ina haonar agus a rá " An ród atá romham tá orm aghaidh a thabhairt air i m'aonar
- Bhí sí an-láidir inti féin dul i gcoinne toil Dé agus na heaglaise agus leanbh thabhartha a bheith aici taobh amuigh den phósadh. Bhí grá máthair uirthi dá hiníon agus throid sí i gcoinne córas an tsaoil mar gheall ar an ngrá céanna
- Bhí an neart agus misneach uirthi dul go Baile Átha Cliath ina haonar. Fuair sí post di féin ag glanadh srl do Bhean Uí Chinsealaigh. Bhí an láidreacht inti féin uirthi saol an tí tearmainn a shéasamh in ainneoin na drochchoinníollácha a bhí orthu
- Bhí sí stuacach ceanndána leis an oibrí shóisialta. Ní raibh sí sásta a hiníon a thabhairt ar altramais cé go mbeadh saol an-deacair aici le leanabh thabharatha.
- Bhí leas a hiníne agus grá na máithreacha níos tabhachtaí di. "Ní mian lion éinne chun grá a thabairt do m'iníonsa." Léirigh sí grá gan choinniol dá hiníon
- Máthair cosantach coiméadach a bhí inti nuair a thit an teach anuas ar Phádraigín. Bhí eagla uirthi a hiníon a fhágáil ina haonar ar eagla go dtarlódh aon rud di agus saol níos deacra di ar bhealach ina dhiadh sin
- Thit an lug ar an lag do Mháire nuair a tháinig Pádraig go teach an mhíchlú le Máilí agus Colm. Cheap Máire gur tháinig Pádraig sa tóir uirthi chun a brionglóid a fhíoradh. Faraor di ní raibh suim a laghadh aige inti. D'imigh cúrsaí in olcas nuair a shéan sé a iníon féina fheiceáil agus nuair a ghlaoigh sé "striapach" uirthi
- Thit saol Máire thart úirthi ag an bpointe seo sa dráma
- Rinne Máire an drochghníomh danartha seo mar gheall ar an éagoir a ndéanfadh di óna clann, ón Eaglais fiú. Thuig sí ag an bpointe seo sa dráma gut oinsín bhog gheilliúil a bhí inti do mhianta drúisiúil Phádraig
- Bhí sí lán chinnte nach mbeadh an fulaingt céanna ag a hiníon agus dhúnmharaigh sí a hinion féin chun í a chosaint agus chuir sí a lámh ina bás féin chun a hiníon a chosaint
- B'íobartach í do ghliceas agus leithleas Pádraig agus a hiníon féin thíos leis freisin. Bhí siad saor ón bhfímíneachas agus ón gCríostaíocht "a bhí i réim" in Éirinn na laethanta sin!
- Bhí sí fíordhílis do Phádraig. Thóg sí a ainm agus an rún a bhí eatarthu go dtí an reilig